Rábhlóga don Seomra Ranga

Rábhlóga don seomra ranga.

Is maith liomsa an liosta rábhlóga seo a úsáid sa seomra ranga le mic léinn a chur ag smaoineamh ar ghnéithe foghraíochta na Gaeilge. 

Ábhar spraíúil éadrom sultmhar is ea é, agus is deas leis an chaon duine an mhálóideacht chainte corruair. Sílim! 
Tá sé an-tábhachtach, agus an saol chomh gafa sin le rialacha gramadaí agus le structúr docht daingean daor an aistriúcháin fhoirmeálta, go gcuimhneoimid gurb ann don chaint fhoirmeálta; don chúlchaint; don mhionchaint; don fhilíocht; don iriseoireacht; don scéalaíocht  agus don phriollaireacht i gcónaí. Gach réim ina réim féin agus gach atá cuí nuair is cuí.

Ní liosta críochnúil é seo, dar ndóigh, ach tá tús agus léiriú ann ar an sórt Gaeilge ar mhaith liomsa í a fheiscint ábharín níos minice ar na saolta seo.

(Mo mhíle leithscéal nach cuimhin liom cá as a tháinig an liosta seo chugam an chéad uair, ach bíodh sé le rá go bhfuilim buíoch as agus gur bhaineas dea-úsáid as!)
  1. Seacht sicín ag seasamh sa sneachta lá seaca.
  2. Fear fial flaithiúil é Flaithrí Ó Flannaile.
  3. Bhí banjo ag Joe agus bhí banjo ag bean Joe, ach is fearr go mór an banjo ag Joe go deo, ná an banjo ag bean Joe.
  4. Bhí cleas críonna cleasach ag cleasaí crua cliste.
  5. Is deacair stoca a stracadh trasna.
  6. Tá tuí ar thaobh an tí tuí atá thíos.
  7. Rug rón liath ar roc leathan rua.
  8. Ná bac le mac an bhacaidh, is ní bhacfaidh mac an bhacaidh leat.
  9. Tá neascóid ar ioscaid an easpaig, agus tá imní ar an easpag faoin neascóid atá ar a ioscaid.
  10. Ní péint dhearg a rinne dearg an deargadaol.
  11. Gé roimh ghé, gé i ndiaidh gé agus gé idir dhá ghé. Cé mhéad gé é sin?
  12. Fástar fataí fada go fairsing le feamainn.
  13. Ghlan Fiachra a fhiacla le taos fiacla.
  14. Chonac San Nioclás ag scátáil ar chlár scátála.
  15. Tá gruaig fhada rua ar an róbat ramhar rollta.
  16. D’ith damh dubh ubh amh ar neamh.
  17. Arsa Doug beag bog, “Rug gob beag bog gog beag bog.
  18. Bhí an bhean bheag bhocht breoite bruite leis an bhfliú.
  19. Rinne Máire gáire gan náire ag an fhaire i nDoire anuraidh.
  20. An bhfaca tú an bacach? Nó an bhfaca tú a mhac? Ní fhaca mé an bacach, ná ní fhaca mé a mhac, dá bhfeicfinnse an bacach, nó dá bhfeicfinnse a mhac, ní bhacfainn leis an mbacach, ná ní bhacfainn lena mhac. 

No comments:

Post a Comment