Monday 10 June 2013

Is teangeolaí, teagascóir, comhairleoir teic & meán, eagarthóir leabhar & iománaí Bhaile an tSaoir Naomh Eoin mé. Cuirim spéis sa spórt, sa bhfisic agus i gcúrsaí ríomhaireachta (py, xml, css); ach is le cúrsaí teanga agus meán a luíonn mo chuid saineolais agus ar na hábhair sin a scríobhaim don bhlag seo. Féach cúpla nasc thíos agus thuas chuig príomhréimsí an bhlag seo.

Tá roinnt mhaith blianta caite agam ag múineadh in UCD, in DCU agus le Gaelchultúr anois. Anuas air seo, bhíos i mo chuntóir eagarthóireachta do thionscadail taighde Fiontar ó thús 2010 go deireadh 2012. Le linn an ama seo d'oibríos i gcomhar leis an gCoiste Téarmaíochta ar ábhar focal.ie, agus i gcomhar leis an mBrainse Logainmneacha ar ábhar logainm.ie. Chuireas cúnamh eagarhtóireachta ar fáil  mar chuid den ról seo agus Téarmaíocht don Aontas Eorpach. Taithí na hÉireann: Tionscadal GA IATE (Cló Iar-Chonnachta, 2013) á scríobh agus á chur in eagar chomh maith. Tuilleadh eolais:
http://www.focal.ie/pdf/2013_bileog_eolais_IATE_GA.pdf agus http://goo.gl/mLzwW)

Déanaim roinnt oibre le Mozilla ó am go ham (is Mozillian mé!), chomh maith le hobair logánaithe agus aistriúcháin a dhéanamh do shuíomhanna Idirlín, d'fheidhmchláir agus do chluichí ríomhaireachta.
(Nascanna le teacht go luath).

Táim ag cuidiú le húdar de chuid LeabhairComhar a leabhar a chur in eagar faoi láthair freisin.
(Ní scaoilfidh mé rún ar bith faoin leabhar go fóillín beag!)

Más maith leat teacht i dteagmháil liom faoi aon chuid den ábhar seo, nó mar gheall ar ábhar eile, seol rphost chugam ag michealomeachair ag gmail ponc com.

Is féidir teagmháil a dhéanamh liom ar Twitter freisin, @momeachair.

oOo