Brí an Fhocail (Cuid a 1)

Brí an Fhocail (Cuid a 1)

Is é seo aiste a haon de shraith aistí atá chun an gaol idir focail agus an bhrí a dtuigtear leo a scrúdú agus a iniúchadh. Tá míniúcháin mhóra éagsúla ar an gceist seo curtha inár láthair ag daoine níos éirimiúla ná mé le blianta fada anuas agus déanfar tagairt do chuid acu siúd le linn na sraithe seo. N'fheadar, ag an bpointe seo, an mbeidh réiteach ar an scéal ar chorr ar bith; ach bí cinnte go dtástáilfear teoiricí éagsúla agus go mbeidh tuairim mhaith againn ar an ábhar faoin deireadh.

I gcuid a haon den tsraith aistí seo cuirfidh mé fianaise, firinní (chomh fada agus gurb ann dóibh!) agus bunús na hargóna seo i láthair. 

Ag léamh saothair an Athar Peadar Ua Laoghaire dom le déanaí, thugas faoi deara go n-úsáideann an tAthair úd gach ceann de na tagráin seo a leanas le tagairt a dhéanamh do choincheap amháin:
  1. Íosa
  2. Mac an Duine
  3. Mac Dé
  4. Mac an siúinéara [sic.]
  5. Mac Ióseph
  6. Mac na Maighdine
  7. an Mac
  8. Críost
  9. Críost Mac Dé
  10. Íosa Críost
  11. Críost Mac Dé Bhí
  12. an Siúinéir
  13. Siúinéir Nasareit
  14. Messiah 
  15. Tighearna
  16. sé (an forainm)
Ós rud é go bhfuil luachanna gramadaí éagsúla ag míreanna 1-16 thuas, is soiléire ar fad an scéal má thugaim tagráin orthu (i.e. Is fíor go bhfuil tagrán a haon x). 

Seachas glacadh leis gur léir cén coincheap a dtagraíonn siad seo dó, déarfaimid go dtagraíonn siad don fhear seo thíos a scríobhtar faoi sa bhíobla.




Féach go bhfuil sé thagrán déag éagsúla úsáidte go soiléir ag an Athair Ua Laoghaire anseo, agus cur síos cruinn déanta aige ar choincheap aonair amháin leo. Féach freisin gur gnáthfhocal cúpla ceann acu, leithéidí 'siúinéir' agus 'mac' mar shampla. Más féidir coincheap an-sainiúil a chur in iúl le gnáthfhocail mar seo, caithfidh go mbraitheann brí na dtagrán ar níos mó ná an tagrán féin. Is é sin le rá, go bhfuil an bhrí a dtuigtear le focal athraitheach agus toisc nach n-athraíonn deilbhíocht an fhocail féin; gur gá go bhfuil imirt éigin ag rud éigin ar an bhfocal. Déanfar scrúdú níos doimhne air seo ar ball.

Tá a fhios againn gur féidir níos mó ná coincheap amháin a chur in iúl le focal, i.e. ní ionann gach 'mac' a tugadh 'mac' air riamh. Deimhníonn an sampla seo thíos gur féidir coincheapa éagsúla a chur in iúl leis an bhfocal céanna. Is é 'cíobhaí' tagrán an phictiúir ar chlé agus tagrán an phictiúir ar dheis.



Tá cúpla rud tagtha chun solais sna samplaí seo thuas arbh fhiú iad a scrúdú. Is iad sin, 
  1. Gur fíor gur féidir coincheap aonair amháin a chur in iúl le níos mó ná tagrán amháin.
  2. Gur fíor go roinneann coincheapa focail, ar tagráin iad, le chéile. Dá bhrí seo, gur féidir le focail a bheith ina dtagráin ag níos mó ná rud amháin.
Sna codanna atá le teacht, scrúdóidh mé roinnt de na bealaí éagsúla a gceaptar do bhrí teacht chugainn le tagráin agus tabharfaidh mé mo thuairim féin ar na bealaí seo ag an deireadh ar fad.

Má tá tú ag iarraidh go gclúdóinn aon ábhar ar leith sa tsraith seo, nó má tá ceist ar bith agat, ná bíodh aon leisce ort ceachtar acu a phostáil thíos.

1 comment: