Úsáid Twitter i measc Gaeilgeoirí

Rinne mé an taighde seo leis an dhá cheist seo a fhreagairt agus le córas clibeála a thastáil:
(1) Cén úsáid chumarsáide a bhaineann pobal na Gaeilge as Twitter? 
Tá dhá chúis leis an gceist seo:  Le fíorú má úsáideann Gaeilgeoirí Twitter mar mheitea-meán le naisc a scaipeadh nó le bheith ag labhairt le chéile, agus, le hoilteacht agus glacadh an phobail maidir le Twitter a mheas. Áirím an dara cuid den cheist seo sa taighde seo sa chaoi gur féidir torthaí an taighde seo a chur i gcomparáid le taighde a dhéanfar ar an ábhar céanna amach anseo. 
(1) Cad is Gaeilgeoir ann i gcomhthéacs Twitter? 
Ós rud é gur pobal dátheangach pobal na Gaeilge agus pobal ilteangach pobal Twitter; chuireas romhaim fáil amach conas go réitíonn Gaeilgeoirí , ceist an rogha theanga. Anuas air seo, tá srianta agus féidearthachtaí éagsúla ar Ghaeilgeoirí Twitter nach bhfuil orthu sna meáin chumarsáide eile.

Leis na ceisteanna seo a fhreagairt, bhailíos céad tweet an duine ó dheichniúir úsáideoir Twitter a bhí ainmnithe ar liosta na nGaeilgeoirí ar shuíomh Indigenous Tweets[1]. Sa chaoi go bhféadfainn na tweeteanna a ghrúpáil ó thaobh teanga de agus ó thaobh luachanna cumarsáide de, bheartaíos córas clibeála a chruthú a ndéanfadh normalú ar na tweeteanna. Bhí sé níos éasca orm na clibeanna a chomhaireamh le ríomhaire, agus na torthaí a mheas go cruinn, agus córas ordlathach normalaithe in úsáid agam. Sa chaoi go bhfanfadh an córas seo cruinn chomh maith le gonta agus eolas éagsúil le cur in iúl ag tweeteanna éagsúla, d’úsáideas córas deachúlach le fochodanna de na míreanna idiráisnéiseacha a chur in iúl.


Leis an eolas a d’fhreagródh ceist a haon a bhailiú, déanfaidh an chéad chlib ordlathach normalú ar luach cumarsáide an tweet. Léireofar na luachanna fo-idiráisnéiseacha mar seo: C1.3. Beidh luach ar leith ag na feidhmeanna cumarsáide a bhaineann le Twitter agus luach eile ag aon nasc nó sonradh a threoiríonn daoine chuig suíomh nó meán eile. Anuas air seo, ba ghá luach a bheith ann a léirigh nár úsáideadh aon cheann de na luachanna cumarsáide a shainíos. (Mionsonraí i Táblaí a 1, 2 agus a 3.)


Le ceist a dó a fhreagairt, chruthaíos córas ordlathach clibeanna a dhéanfadh normalú ar an teanga a labhair an tweeteoir, msh: L1.1, agus clib éagsúil a dhéanfadh cur síos ar shainthréithe teangeolaíocha an tweet, msh: T1.3. (Mionsonraí i dTábla a 4 agus i dTábla a 5.)
  • Tosnóidh an chlib chumarsáide le C 
  • Tosnóidh an chlib theanga le L 
  • Tosnóidh an chlib theangeolaíoch le T

Tá tuilleadh cur síos déanta agam ar na clibeanna éagsúla thíos.

Clibeanna Cumarsáide

Clib & Ainm Gearr
Cur síos
C0.x: Loime
Tweet nach raibh hipearnasc de shaghas ar bith ann.
C1.1: Nasc (URL, rphost, comhad)
Tweet a bhfuil nasc chuig ábhar lasmuigh den Twitter-sféar ann.
C1.2: @
Tweet ar seoladh chuig cuntas Twitter eile é d’aon turas.
C1.3: #
Tweet a bhfuil nasc haischlibe ann le nasc a chruthú chuig pobalchomhrá.
C1.4: twitpic
Tweet a bhfuil nasc chuig twitpic de shaghas ar bith ann.
C1.5: atweet
Tweet ar athsheol údar nua é.

Tábla a 1.


Nuair atá luach C0.x ag tweet; is ionann seo agus a rá nár úsáideadh aon cheann d’fheidhmeanna cumarsáide Twitter sa tweet seachas téacs lom a sheoladh, agus nach raibh sonradh ar bith sa tweet le daoine a threorú chuig suíomh gréasáin eile.


Is éard atá i gceist agam le hábhar lasmuigh den Twitter-sféar ná, aon ábhar a óstáiltear ar shuíomh nach bhfuil baint ná comhoiriúntacht aige le Twitter ná le hábhar a léiriú ar Twitter.


Deirim “twitpic de shaghas ar bith” toisc go bhfuil níos mó ná bealach amháin le pictiúr a léiriú mar chuid de tweet, seachas duine a chur chuig suíomh seachtrach le pictiúr a fheiscint.


Caithim leis an atweet mar chineál cumarsáide atá éagsúil ó tweet a scríobh toisc go mbíonn an dara húdar ag an atweet. Feicfidh daoine a leanann an t-atweeteoir amháin an t-atweet seo don chéad uair nuair a atweeteáiltear é. É seo ráite, beidh ainm an té a scríobh an tweet sa chéad dul síos leis an tweet i gcónaí. Ó thaobh luach na cumarsáide de, tá luach breise ag an atweet nach raibh ag an tweet a seoladh sa chéad dul síos. Ní amháin go léirítear an nasc idir an bheirt tweeteoirí, ach go bhfuil tuairim ar leith ag an atweeteoir  (dearfach don chuid is mó) i leith tweet an chéad tweeteora. Dá bhrí seo, is píosa cumarsáide uathúil an t-atweet nach n-ionann é agus an chéad tweet in ainneoin aon chosúlachtaí.


D’fhéadfadh níos mó luach cumarsáide amháin a bheith ag tweet, dar ndóigh, agus ós rud é go bhfuil cúig fhéidearthacht éagsúla ag na clibeanna cumarsáide dearfacha, cuireann sé seo leis na féidearthachtaí ag léibhéalacha a dó, a trí, a cheathar agus ar iolla den chóras clibeála. Féach go bhfuil na féidearthachtaí uile chomh fada le leibhéal a trí sainithe agam sna táblaí thíos. Chineas deighleáil le haon sampla de C4.x nó C5.x ina cheann agus ina cheann. Ba é sin le rá, go dtabharfainn aird ar leith d’aon tweet a raibh ceithre nó cúig luach cumarsáide éagsúla ann.


Nota bene:


Ní dhearna mé aon idirdhealú idir tweet a raibh cúpla C1.2 cúpla T1.3 ann agus tweet nach raibh ach C1.2 T1.3 amháin ann. Is leor go léireofar go raibh na sainghnéithe áirithe seo in úsáid.


Clib & Ainm Gearr
Cur síos
C2.1: Nasc + @
Tweet a bhfuil hipearnasc a d’fhágfadh Twitter agus nasc chuig cuntas Twitter eile ann.
C2.2: Nasc + #
Tweet a bhfuil hipearnasc a d’fhágfadh Twitter agus nasc chuig pobalchomhrá haischlibe ann.
C2.3: Nasc + twitpic
Tweet a bhfuil hipearnasc a d’fhágfadh Twitter agus nasc chuig twitpic de shaghas ar bith ann.
C2.4: Nasc + retweet
Tweet a bhfuil hipearnasc a d’fhágfadh Twitter agus nasc chuig atweet ann.
C2.5: @ + #
Tweet a bhfuil nasc chuig cuntas Twitter eile agus chuig pobalchomhrá haischlibe ann.
C2.6: @ + twitpic
Tweet a bhfuil nasc chuig cuntas Twitter eile agus chuig twitpic de shaghas ar bith ann.
C2.7: @ + retweet
Tweet a bhfuil nasc chuig cuntas Twitter eile ann agus ar atweet é.
C2.8: # + twitpic
Tweet a bhfuil nasc chuig pobalchomhrá haischlibe agus chuig twitpic de shaghas ar bith ann.
C2.9: # + retweet
Tweet a bhfuil nasc chuig pobalchomhrá haischlibe ann agus ar atweet é.
C2.10: twitpic + retweet
Tweet a a bhfuil nasc chuig twitpic de shaghas ar bith ann agus ar atweet é.

Tábla a 2.


Clib & Ainm Gearr
Cur síos
C3.1: Nasc + @ + #
Tweet a bhfuil nasc a d’fhágfadh Twitter, nasc chuig cuntas Twitter agus nasc chuig pobalchomhrá hais-chlibe ann.
C3.2: Nasc + @ + twitpic
Tweet a bhfuil nasc a d’fhágfadh Twitter, nasc chuig cuntas Twitter agus nasc chuig twitpic de shaghas ar bith ann.
C3.3: Nasc + @ + retweet
Tweet a bhfuil nasc a d’fhágfadh Twitter, nasc chuig cuntas Twitter ann agus ar atweet é.
C3.4: Nasc + # + twitpic
Tweet a bhfuil nasc a d’fhágfadh Twitter, nasc chuig pobalchomhrá haischlibe agus nasc chuig twitpic de shaghas ar bith ann.
C3.5: Nasc + # + retweet
Tweet a bhfuil nasc a d’fhágfadh Twitter agus nasc chuig pobalchomhrá hais-chlibe ann agus ar atweet é.
C3.6: Nasc + retweet + twitpic
Tweet a bhfuil nasc a d’fhágfadh Twitter agus nasc chuig twitpic de shaghas ar bith ann ar atweet é.
C3.7: @ + # + twitpic
Tweet a bhfuil nasc chuig cuntas Twitter, nasc chuig pobalchomhrá haischlibe agus nasc chuig twitpic de shaghas ar bith ann.
C3.8: @ + # + retweet
Tweet a bhfuil nasc chuig cuntas Twitter agus nasc chuig pobalchomhrá haischlibe ann ar atweet é.
C3.9: @ + twitpic + retweet
Tweet a bhfuil nasc chuig cuntas Twitter agus nasc chuig twitpic de shaghas ar bith ann ar atweet é.
C3.10: # + twitpic + retweet
Tweet a bhfuil nasc chuig pobalchomhrá haischlibe agus twitpic de shaghas ar bith ann ar atweet é.

Tábla a 3.


Clibeanna Teanga

Tá na clibeanna teanga leagtha amach ar an loighic chéanna leis na clibeanna cumarsáide, an t-aon difear eatarthu ná go bhfuil níos lú luachanna sainithe agam agus go dtosnaíonn siad ar L.


Buntáiste a bhaineann leis an gcóras seo ná gurbh fhéidir é a leathnú amach le teangacha uile na hEorpa a áireamh, mar shampla: Teangacha ó L1.1 go L1.30 a shainiú. an dara leibhéal uimhreacha a shainiú go dtí go n-aimsítear samplaí de dhá, nó de trí theanga in úsáid in aon mhír chumarsáide le chéile. Leis seo, d’fhéadfadh L2.6 cur síos a dhéanamh ar mhír inar úsáideadh Spáinnis agus Catalóinis dá shaineofaí mar sin é. Is féidir, mar sin, normalú a dhéanamh ar théacsanna dátheangacha (L2.x) ilteangacha (L3.x, L4.x, L17.x) leis an gcóras seo ach na teangacha ar thangthas orthu a shainiú ar dtús.


Molaim an luach “Teanga eile” a shainiú i gcónaí toisc go gcaitheann bealach a bheith agat deighleáil le teanga nach raibh tú ag súil leis, rud a d’fhéadfadh tarlú go héasca.


Clib & Ainm Gearr
Cur Síos
L1.1: Gaeilge
Tweet a raibh Gaeilge amháin ann.
L1.2: Béarla
Tweet a raibh Béarla amháin ann.
L1.3: Teanga ar bith eile
Tweet a scríobhadh i dteanga nach Béarla ná Gaeilge í.
L2.1: Gaeilge agus Béarla
Tweet a raibh Gaeilge agus Béarla ann.
L2.2: Gaeilge agus teanga eile nach an Béarla í.
Tweet a raibh Gaeilge agus teanga eile nach an Béarla í ann.
L2.3: Béarla agus teanga eile nach an Ghaeilge í.
Tweet a raibh Béarla agus teanga eile nach an Ghaeilge í ann.
L3.1: Gaeilge, Béarla agus teanga(cha) eile.
Tweet a raibh Gaeilge, Béarla agus teanga eile ann.

Tábla a 4.


 Clibeanna Teangeolaíocha


Is minic pobal teanga á shainiú mar phobal iontu féin toisc saintréithe teangeolaíocha dá gcuid féin a bheith acu. Is iarracht an chlib T seo saintréithe teangeolaíocha na nGaeilgeoirí ar líne a aimsiú agus a normalú sa chaoi gur féidir na cinn is mó úsáide a ainmniú. Má éiríonn leis seo, beifear in ann na saintréithe seo a lorg in áiteanna eile ar an Idirlíon agus pobal nach díreach pobal Twitter iad a aithint. Tá scéal na ngiorrúchán níos tábhachtaí ar Twitter ná mar a bhí riamh agus srian 140 carachtar ar chuile tweet.


Nuair a bhí na tweeteanna á mbailiú agam don taighde, thugas faoi dearadh go raibh sainghnéithe teanga in úsáid ag daoine nach bhfeicfeá i bhfoilsiúcháin de chuid eagraíochta, i leabhar clóite, ná i nuachtán clóite. Déanann Crystal (2008)[2] na cineálacha sainghnéithe seo a phlé agus míníonn sé mar mhúnlaí nó athruithe nua teanga iad a tháinig aníos de bharr srianta, féidearthachtaí agus tréithe an mheáin chumarsáide. Chuireas romham aon sainghnéithe nua mar seo a chlibeáil mar chuid den taighde le go ndéanfaí tomhas ar na míreanna nua seo, más ann dóibh.


Is straoiseoga straoiseoga agus tomhasfar a n-úsáid in abairtí Gaeilge i gcomparáid lena n-úsáid in abairtí Béarla. Msh: cuirfear sonas in iúl le =], agus éadóchas in iúl le =/.


Áirím logagram (Msh: ‘7’ in ionad ‘agus’), acrainm (Msh: ‘grm’ in ionad ‘go raibh míle’) agus nod (Msh: ‘tchtrcht’ in ionad ‘teachtaireacht’) mar na cineálacha giorrúchán a dtagrófar dóibh.


Áirím an phoncaíocht threisithe agus an litriú treisithe leis an gclib ‘treisiú’. Msh: is poncaíocht threisithe ‘Táim ag tnúth leis!!!!!’, agus is litriú treisithe ‘Éire abúúúúúú!’.


Clib & Ainm Gearr
Cur síos
T1.1: Loime
Tweet nach raibh saintréith neamhchaighdeánach ar bith ann.
T1.2: straoiseog
Tweet a raibh straoiseog a rinne aithris ar aghaidh duine ann.
T1.3: giorrúchán
Tweet a raibh giorrúchán ann.
T1.4: treisiú
Tweet a raibh treisiú déanta ar fhuaim focail trí litriú neamhchaighdeánach nó ar an bponcaíocht ann.
T2.1: straoiseog + giorrúchán
Tweet a raibh straoiseog agus giorrúchán ann.
T2.2: straoiseog + treisiú
Tweet a raibh straoiseog ann agus ar treisíodh cuid eile de.
T2.3: giorrúchán + treisiú
Tweet a raibh giorrúchán ann agus ar treisíodh cuid eile de.
T3.1: straoiseog + giorrúchán + treisiú
Tweet a raibh straoiseog agus giorrúchán ann, agus a ndearnadh treisiú ar chuid de chomh maith.

Tábla a 5. 

Torthaí an tomhais

Is iad seo thíos na sreanganna clibeanna is mó úsáide sa chorpas.


%
Sreang chlibeanna
Feidhm
11.75%
C1.1, L1.1, T1.1
Is Tweet é seo a raibh nasc ann, a scríobhadh as Gaeilge é, nár úsáideadh aon phoncaíocht threisithe ná treisiú ann.
9.46%
C2.2, L1.1, T1.1
Is Tweet é seo a raibh nasc seachtrach agus haischlib ann, ar scríobhadh trí mheán na Gaeilge é, nár úsáideadh aon phoncaíocht threisithe ná treisiú ann.
9.16%
C1.2, L1.1, T1.1
Is Tweet a seoladh chuig cuntas Twitter eile é seo, ar scríobhadh as Gaeilge é, nár úsáideadh aon phoncaíocht threisithe ná treis ann.
6.97%
C1.2, L1.2, T1.1
Is Tweet é a seoladh chuig cuntas Twitter eile, ar scríobhadh as Béarla é, nár úsáideadh aon phoncaíocht threisithe ná treisiú ann.
4.48%
C0.x, L1.1, T1.1
Is Tweet é seo a d’fhógair téacs lom, ó thaobh hipearnaisc de, ar scríobhadh as Gaeilge é agus nár úsáideadh aon phoncaíocht threisithe ná treisiú ann.
4.38%
C1.5, L1.2, T1.1
Is Tweet é seo a athsheol Tweet chuntas Twitter eile, ar scríobhadh as Béarla é, nár úsaideadh aon phoncaíocht threisithe treisiú ann.

Tábla a 6.



Feicimid go raibh tromlach na tweeteanna a scríobhadh as Gaeilge scríofa le daoine a threorú chuig suíomh éigin eile ar líne agus gur baineadh úsáid as saintréith chumarsáide Twitter i gcuid shuntasach acu (an chlib #). Anuas air seo, ní raibh aon tréithe teangeolaíocha nua ag baint leis na tweeteanna seo.


I comparáid leis an toradh seo, féach na sreanganna a bhfuil L1.2 iontu agus go bhfuil luachanna cumarsáide leo a léiríonn teagmháil dhíreach le cuntas eile nó atweeteáil. An é seo le rá go mbíonn fonn comhráite ar Bhéarlóirí nach mbíonn ar Ghaeilgeoirí?


Torthaí cumarsáide:

Seoladh tweet chuig tweeteoir eile 39.2% den am agus cuireadh luach cumarsáide breise le 25% den 392 tweet seo. Ba é sin le rá gur seoladh tweet nach raibh tweeteoir eile luaite leis ach níos mó ná luach cumarsáide amháin ann 9.7% den am.


Seoladh tweet le nasc ann 37.9% den am agus cuireadh luach cumarsáide breise le thart ar 50% den 379 tweet seo. Ba é sin le rá gur seoladh tweet le nasc agus luach(anna) cumarsáide eile 18.9% den am.


Torthaí aonteangacha:

Labhraíodh Gaeilge amháin 56.5% den am. Toradh réasúnta lag agus na daoine ba dhíograisí don Ghaeilge ar Twitter san áireamh sa chorpas.


Úsáideadh 50 straoiseog, 63 giorrúchán, 104 treisithe agus 54 meascán de na saintréithe teangeolaíocha seo sa chorpas, ach b’fhiú dom a rá gur úsáideach i gcoibhneas 2:1, Béarla:Gaeilge, iad.



Torthaí ilteangacha:

Labhraíodh Gaeilge agus Béarla in aon tweet amháin 6.5% den am, agus Gaeilge agus teanga eile 1% den am. D’fhéadfadh sé seo dhá rud a léiriú:


Go bhfuil na meáin ar líne an-chosúil leis na meáin thraidisiúnta sa chaoi nach mbítear ag códmhalartú iontu ach han-eisceachtúil.


Le cumarsáid éifeachtach a dhéanamh agus srian 140 carachtar ort, ní mholtar meascán Gaeilge agus Béarla a úsáid.


Torthaí teangeolaíocha:

Tá scéal na ngiorrúchán an-tábhachtach i gcás Twitter agus srian 140 carachtar ar gach tweet. Ainmneoidh mé na giorrúcháin Ghaeilge is mó úsáide sa chorpas; ach sula n-ainmním toradh ar bith, b’fhiú cur le comhthéacs na húsáide le cabhair ó Crystal (2008).


“I have omitted English textisms from the lists in my Appendix B, so I should therefore mention here that text messaging in every language I have observed makes use of abbreviations borrowed from English (‘loan texts’), or introduces forms which show English influence. For example, lol (‘laughing out loud’) is found everywhere, as are U (‘you’), brb (‘be right back’), and gr8 (‘great’). The acronym SMS seems to have been borrowed wholesale, and thx / thanx and ily / ilu ‘I love you’ turn up in several languages replacing the home-grown phrases. ” (p.128)


Tá an méid seo fíor faoin nGaeilge freisin agus samplaí de U (‘you’), iv (‘I have’), rt (‘retweet’) agus de plz (‘please’) sa chorpas agam. Bhí acrainmneacha an Bhéarla le feiscint in abairtí Gaeilge freisin, msh: btw, rss, gm, lcd, gaa agus moma. Toisc gur thaifead an córas clibeála an teanga agus an tréith theangeolaíoch, níor dheacair dom an úsáid seo a chinntiú i gcás na tweeteanna Gaeilge amháin. Bhí an-chuid leaganacha giorraithe d’ainmneacha eagraíochtaí in úsáid ag tweeteoirí an chorpais chomh maith, msh: tg4, rte [sic], rté, bbc, psni, fb (‘Facebook’), sf (‘Sinn Féin’) agus ff (‘Fianna Fáil’). Cé gur spéisiúil an scéal é seo agus iasachtaí úsáidte ag Gaeilgeoirí, tá na giorrúcháin nua Gaeilge i bhfad níos spéisiúla domsa. Is iad seo na samplaí is mó úsáide a bhí ina measc:


Giorrúchán
Brí
grma
Go raibh maith agat
bld
Buíochas le Dia
das
Dála an scéil
ls
Lámhscríbhinn


Tábla a 7.


Bhí cúpla sampla den trí acrainm sa chorpas agus sampla amháin den nod ‘ls’. Cé go bhfuil grm / grma (‘go raibh míle / go raibh maith agat’) ag Gaeilgeoirí le tamall anois, tá sé tábhachtach go mbeadh taifead dá úsáid ar Twitter ann. Níl blddas feicthe agamsa leath chomh minic céanna le grm / grma, ach mhaífinn go bhfuil sé tábhachtach go ndeánfaí taifead ar a n-úsáid ar Twitter freisin. Níl an nod ls (‘lámhscríbhinn’) nua in aon chor agus é in úsáid i dtéacsanna acadúla agus ag leabharlannaithe le fada an lá. É seo ráite, léiríonn an comhthéacs úsáidte nua seo beocht agus solúbthacht ar leith sa teanga chomh maith le tuiscint ar shean-nósanna na teanga. Léiríodh an bheocht seo arís agus an teagmháil leis an bhfíorshaol agus acrainmneacha in úsáid ar dhá eagraíocht bheaga, mfg (‘Meitheal Forbartha na Gaelteacht’) agus esg (‘Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta’).


Ba mhéadú ar líon na gcomharthaí uaillbhreasa an treisiú ba shuntasaí agus neart samplaí de lánstadanna iolracha ag cur rithim nó tuin chainte ar leith in iúl freisin, ach níor tháinig aon toradh ró-shuntasach a bhain leis an nGaeilge as an méid a bhí sa chorpas. Ba léir gur an cineál seo úsáide a bhí i gceist ag daoine agus na treisithe in úsáid acu, ach is deacair an bhrí a shainiú agus an fhéidearthacht ann gur dáiríreacht, ceisteacht, aineolas, íoróin, srl. A bheith i gceist leo. 


Feictear domsa go mbraitheann brí na dtreisithe seo ar ghnáthnósanna an scríbhneora agus ar an gcoibhneas idir iad agus an treisiú a roghnaíonn an scríbhneoir. D’fhéadfadh duine amháin a bheith ag magadh agus lánstadanna iolracha in úsáid aici agus duine eile a bheith ag éirí mífhoighneach agus lánstadanna iolracha in úsáid aige, mar shampla.


Sílim gur féidir intuigtheacht an treisithe a chur in iúl trí luach na cothromóide seo thíos a oibriú amach.
Beidh luach ábhar an chomhrá ag brath ar an saineolas a roinneann na rannpháirtithe agus ar scála 1-10; beidh luach chaidreamh na rannpháirtithe ar scála 1-10 chomh maith agus luachanna níos congaraí don 10 ag léiriú aithne níos fearr ag na rannpháirtithe ar chéile; beidh luach gnáthnósanna an scríbhneora measta ag an léitheoir ar scála 1-10 chomh maith agus luach níos airde ar aithne níos fearr; beidh luach 1 ag an treisiú i gcónaí. Níor chóir luach 0 a úsáid áit ar bith.


Bheadh an treisiú go hiomlán soiléir don léitheoir agus luach 1000 ar an gcothromóid réitithe agus go hiomlán doiléir agus luach 1 uirthi.

Conclúidí

  1. Léiríonn na torthaí cumarsáide dom go bhfuil Gaeilgeoirí Twitter báúil go maith don chomhrá ach go n-úsáideann siad Twitter mar mheitea-meán go minic. D’fhéadfá rá go dtugann sé seo le fios go bhfuil pobal gníomhach Gaeilgeoirí ar an Idirlíon, más ag labhairt Gaeilge nó teanga eile atá siad. Nuair a thógtar na torthaí teanga sna sreanganna clibeanna is mó minicíochta san áireamh, treisítear an pointe seo i dtaobh úsáid ilteangach an Idirlín i measc Gaeilgeoirí. 
  2. Tugann na torthaí a bhaineann le rogha teanga na ndaoine seo le fios go bhfuil féiniúlacht dhátheangach an Ghaeilgeora ar líne ar aon dul le féiniúlacht dhátheangach na nGaeilgeoirí nach bhfuil ar líne. Léirítear dom nach sásaíonn ceachtar acu Gaeilge ná Béarla riachtanais chumarsáide ná féiniúlachta uile lucht labhartha na Gaeilge sa gcomhthéacs seo, agus gur gá i gcónaí a bheith ag códmhalartú.
  3. Bhailíos ábhar an chorpais seo sa chéad seachtain de mhí Mheán Fómhar 2011, agus táim cinnte de go bhfuil forbairt tagtha ar úsáid na Gaeilge ar Twitter ó shin. Léireofar seo trí staidéar diacronach a dhéanamh den taighde seo.
  4. Tá cruthúnas againn sna torthaí teangeolaíocha go bhfuil leaganacha nua de fhrasaí seasta á gcruthú don teanga i bhfoirm giorrúcháin agus go bhfuil féiniúlacht ar leith á forbairt ag pobal na Gaeilge ar líne nach n-ionann é go hiomlán agus féiniúlacht an phobail nach bhfuil ar líne. Ardóidh sé seo ceisteanna deacra do lucht téarmeolaíocht agus foclóireachta na teanga, ar chóir leithéidí grm, bld, nó das a aithint go hoifigiúil?
  5. Nuair a scrúdaíos na torthaí a bhain le clibeanna C1.1 nó C2.2, clibeanna a tháinig aníos go han-mhinic i tweeteanna a scríobhadh as Gaeilge, chonaic mé nach raibh aon tréithe nua teangeolaíocha iontu agus gur eagraíochtaí seachas daoine a sheol an-chuid acu seo. Anuas air seo, chonaic mé gur daoine seachas eagraíochtaí a úsáideann an téacsais a labhair Crystal (2008) fúithi; rud a bheas le tógaint san áireamh agus an chéim dhiacronach á cur leis an taighde seo.
  6. Nuair a bhí clibeanna á gcur agam le tweeteanna an chorpais seo, níor aithníos úsáid giorrúcháin iasachta in abairtí Gaeilge mar chineálacha códmhalartaithe. Beidh sé seo le ceartú amach anseo agus beidh stádas na n-iasachtaí le meas an t-am sin freisin.

  Aguisín

Torthaí minicíochta


Luach Cumarsáide
Minicíocht
C0.x: Loime
113
C1.1: Nasc (URL, rphost, comhad)
190
C1.2: @
295
C1.3: #
59
C1.4: twitpic
4
C1.5: atweet
68
C2.1: Nasc + @
29
C2.2: Nasc + #
111
C2.3: Nasc + twitpic
0
C2.4: Nasc + atweet
31
C2.5: @ + #
36
C2.6: @ + twitpic
1
C2.7: @ + atweet
11
C2.8: # + twitpic
1
C2.9: # + atweet
13
C2.10: twitpic + atweet
0
C3.1: Nasc + @ + #
4
C3.2: Nasc + @ + twitpic
0
C3.3: Nasc + @ + atweet
5
C3.4: Nasc + # + twitpic
0
C3.5: Nasc + # + atweet
9
C3.6: Nasc + atweet + twitpic
0
C3.7: @ + # + twitpic
1
C3.8: @ + # + atweet
10
C3.9: @ + twitpic + atweet
0
C3.10: # + twitpic + atweet
0
C4.x:
2
C5.x:
0


T1.1: Loime (C0.x)
738
T1.2: straoiseog
50
T1.3: giorrúchán
63
T1.4: treisiú
104
T2.1: straoiseog + giorrúchán
11
T2.2: straoiseog + treisiú
27
T2.3: giorrúchán + treisiú
8
T3.1:
5


L1.1: Gaeilge
565
L1.2: Béarla
352
L1.3: Eile
4
L2.1: Gaeilge + Béarla
65
L2.2: Gaeilge + Eile
10
L2.3: Béarla + Eile
2
L3.1: Béarla + Gaeilge + Eile
1

No comments:

Post a Comment